denizli.kadriye

pauker.at

Deutsch Deutsch Persisch Irisch Türkisch
letzte Änderung 14.04.2014
Seite empfehlen

Amhrán / Rann



Amhrán: Bean Pháidín


Is é an trua ghéar nach mise, nach mise...........It's a great pity that I'm not, I'm not
Is é an trua ghéar nach mise bean Pháidín........It's a great pity that I'm not Páidín's wife.
Is é an trua ghéar nach mise, nach mise,..........It's a great pity I'm not, I'm not –
Is an bhean atá aige bheith caillte....................and that his wife isn't dead!

Go mbristear do chosa, do chosa......................May you break your legs, your legs,
Go mbristear do chosa, a bhean Pháidín............May you break your legs, wife of Páidín.
Go mbristear do chosa, do chosa......................May you break your legs, your legs,
Go mbristear do chosa is do chnámha...............May you break your legs and your bones.


Amhrán: Téir Abhaile 'Riú

1. Téir abhaile 'riú, téir abhaile 'riú..............................1. Go home, go home
Téir abhaile 'riú, a Mhary,..........................................Go home, Mary,
Téir abhaile 'riú, is fan sa bhaile.................................Go home and stay home
Mar tá do mhargadh déanta.......................................Because your match is made.

Curfá:.....................................................................Refrain:
Níl mo mhargadh, tá do mhargadh............................. My match is NOT made – Yes it is –
Níl mo mhargadh déanta............................................My match is NOT made.
Tá do mhargadh, níl mo mhargadh,.............................Your match is made – No it isn't –
Tá do mhargadh déanta..............................................Your match is made.

2. Is cuma cé dhein é nó nach dhein............................2. It doesn't matter who made it or who didn't
Is cuma cé dhein é, a Mhary.......................................It doesn'n matter who made it, Mary
Is cuma cé dhein é nó nach dhein................................It doesn't matter who made it or who didn't
Mar tá do mhargadh déanta........................................For your match is made.

Curfá:......................................................................Refrain:
Níl mo mhargadh, tá do mhargadh...............................My match is NOT made – Yes it is –
Níl mo mhargadh déanta.............................................My match is NOT made.
Tá do mhargadh, níl mo mhargadh,..............................Your match is made – No it isn't –
Tá do mhargadh déanta..............................................Your match is made.

3. Pós an píobaire, pós an píobaire...............................3. Marry the piper, marry the piper
Pós an píobaire, a Mhary.............................................Marry the piper, Mary
Pós an píobaire i dtús na hóiche...................................Marry the piper in the evening
Agus beidh sé agat ar maidin.......................................and he'll be with you in the morning.

Curfá:.......................................................................Refrain:
Níl mo mhargadh, tá do mhargadh................................My match is NOT made – Yes it is –
Níl mo mhargadh déanta.............................................My match is NOT made.
Tá do mhargadh, níl mo mhargadh,...............................Your match is made – No it isn't –
Tá do mhargadh déanta...............................................Your match is made.


Amhrán: Tá Mé i Mo Shuí

Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir...................I am up since the moon rose last night
Ag cur tine síos gan scíth, is á fadú go géar;...................Lighting a fire and setting it ablaze
Tá bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin;.....................The household is asleep and I am alone;
Tá na coiligh ag glaoch is an saol ina gcodladh................The cocks are crowing and everyone's asleep
ach mé.......................................................................but me.


Amhrán: Níl Sé ina Lá (I)

Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir..........................I am up since the moon rose last night
Ag cur tine síos gan scíth, is á fadú go géar;..........................Lighting a fire and setting it ablaze
Tá bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin;............................The household is asleep and I am alone;
Tá na coiligh ag glaoch is an saol ina gcodladh.......................The cocks are crowing and everyone's asleep
ach mé.............................................................................but me.


Amhrán: Níl Sé ina Lá (II)

1. 1.
Chuaigh mé isteach i dteach aréir...........................................I went into a (ale)house last night
Is d'iarr mé cárt ar bhean an leanna;......................................and asked the bar woman for credit
Is é dúirt sí liom: Ní bhfaighidh tú deor,..................................This is what she said: `You won't get a drop
Buail an bóthar is gabh 'na bhaile...........................................Hit the road and go home.'

Curfá:................................................................................Refrain:
Níl sé ina lá, nil a ghrá..........................................................It's not day yet, it isn't, love,
Níl sé ina lá, is ni bheidh go maidin.........................................It's not day yet, and it won't be till morning
Níl sé ina lá, is ní bheidh go fóill.............................................It's not day yet, and it won't be for a while
Solas ard atá sa ghealaigh.....................................................The moon is very bright.

2........................................................................................2.
Chuir mé féin mo lámh i mo phóca..........................................I put my hand in my pocket
Is d'iarr mé briseadh coróin uirthi,...........................................and asked for change for a crown
Is é dúirt sí liom: `Buail an bord.............................................This is what she said: `Sit at the table
Is bí ag ól anseo go maidin.'...................................................and drink here until morning.'

3........................................................................................3.
Éirigh i do shuí, a fhir an tí.....................................................Get up, Man of the House
Cuir ort do bhríste is do hata..................................................Put on your trousers and your hat
Go gcoinní tú ceol leis an duine cóir.........................................Keep this good man company
A bheas ag ól anseo go maidin. ..............................................Who will be drinking here until morning.'

4........................................................................................4.
Nach mise féin an fear gan chéill.............................................Am I not a fool
A d'fhág mo chíos i mo scornaigh............................................I left my rent in my throat
D'fhág mé léan orm féin........................................................I left sorrow for myself
Is d'fhág mé séan ar dhaoine eile...........................................and I left prosperity to other


Amhrán: Nóra Bheag (II)

`A Nóra bheag, cá raibh tú aréir?'...............................`Little Nóra where were you last night?'
Is é dúirt mo Mhamaí liomsa........................................My mother asked me.
`I gcúl an tí ag tobar an uisce.....................................`At the back of the house, by the well
Ag foghlaim coiscéim damhsa.'......................................Learning a new dance step.'

Curfá:.......................................................................Refrain:
Agus iomba Nóra Nóra Nóra.........................................And iomba Nóra Nóra Nóra
Agus iomba is tú mo ghrá geal, ....................................And iomba you are my fair love
Gus iomba Nóra is tú mo stóirín....................................And iomba Nóra you are my darling
Tá mise dúnta i ngrá leat.............................................I'm locked in love with you.

Is maith le Nóra pis agus pónaire..................................Nóra likes peas and beans
Is maith le Nóra brandy...............................................Nóra likes brandy
Is maith le Nóra prátaí rósta.........................................Nóra likes roast potatoes
Is itheann Nóra an t-im leo...........................................And she eats butter with them.

`A Nóra bheag, cá raibh tú aréir?'.................................`Little Nóra where were you last night?'
`Bhí mé i gcúl an gharraí.'...........................................`I was at the back of the garden'
`Cé bhí agat féin ansin?'.............................................`Who was there with you?'
`An píobaire beag is a mhálaí.'......................................`The little piper and his pipes.'


Amhrán do Leanbh

Caithimid suas is suas é................................................Let's throw him up and up
Caithimid suas an páiste...............................................Let's throw the child up
Caithimid suas is suas é................................................Let's throw him up and up
Is tiocfaidh sé anuas amárach........................................And he'll come down tomorrow.



Amhrán: Éirigh Suas a Stóirín

Éirigh suas, a stóirín, .............................................................Get up my darling
mura bhfuil tú i do shuí..........................................................if you're not still up.
Fosgail an doras,...................................................................Open the door
agus lig mise chun tí..............................................................and let me into the house.
Tá buidéal i m'aice.................................................................I have a bottle for the housewife
a bhéarfas deoch do mhnaoi an tí.............................................to pour her a drink:
Is tá súil agam......................................................................And I hope you won't refuse me
nach ndiúltíonn tú mé fá d'iníon...............................................your daughter in marriage.


Amhrán: Tá mo Chleamhnas Déanta

Ó d'éirigh mé ar maidin dhá uair roimh an lá.............................Since I got up this morning two hours before daybreak
Agus fuair mise litir ó mo mhíle grá;.........................................And I got a letter from my own love
Chuala mé an smólach is an lon dubh a rá .................................I have heard the lark and the blackbird sing
Gur éalaigh mo ghrá thar sáile. ................................................That my love has gone across the ocean.

Amhráin Nollag:
Carúl na Nollag..................................................A Christmas Carol

Dia do bheatha a Naí anocht...............................God be with you tonight, little one
A rugadh insa stábla bocht..................................Who was born in the poor stable
Go ciúin gan chaoi i do luascadh a luí....................Your mother's by your side, rocking you
Tá do mháithrín le do thaobhsa............................quietly to sleep without tears.

Anseo ina luí sa mhainséirín.................................Lying here in the little manger
I gcró chúng an asailín........................................In the donkey's narrow shed
Gean is grá ó Bheithilín........................................Affection and love from Bethlehem
Ag cur síocháin i gcroí gach éinne.........................Is putting peace in everyone's heart.

Na haingle insna Flaithis thuas..............................The angels in heaven above
Na haoirí ag triall ó shliabh anuas..........................The shepherds coming down the hill
Ag neosadh dúinn gur rugadh Críost.......................Telling us that Christ is born
Ag tabhairt féirín uainn go léir dhuit........................And gringing gifts from us all.

Dia do bheatha a Naí anocht..................................God be with you tonight, little one
A rugadh insa stábla bocht.....................................Who was born in the poor stable
Go ciúin gan chaoi i do luascadh a luí.......................Your mother's by your side, rocking you
Tá do mháithrín le do thaobhsa...............................quietly to sleep without tears.

Oíche Chiúin.........................................................Silent Night

Oíche chiúin, oíche mhic Dé....................................Silent Night, night of God's son
Cách ina suan, dís araon,.......................................Everyone's asleep, except for one couple
Dís is dílse ag faire le spéis.....................................The most faithful couple watching with
Naíon beag gnaoigheal...........................................affection
ceananntais caomh................................................Over a small beautiful dear fair child:
Críost ina chodladh go séimh...................................Christ, calmly asleep
Críost ina chodladh go séimh...................................Christ, calmly asleep.

Oíche chiúin, oíche mhic Dé.....................................Silent night, night of God's son.
Aoirí ar dtús chuala an scéal....................................Shepherds first heard the tale
Allelúia aingeal ag glaoch........................................The angels' calling `Halleluya'
Cantain suairc i ngar is i gcéin.................................Lovely chanting near and far.
Críost an slánaitheoir féin.......................................Christ the saviour himself
Críost an slánaitheoir féin.......................................Christ the saviour himself.


Lá Breithe Sona dhuit.............................................Happy birthday to you

Lá Breithe Sona dhuit.............................................Happy birthday to you
Lá Breithe Sona dhuit.............................................Happy birthday to you
Lá Breithe Sona dhuit a (ainm)................................Happy birthday dear (name)
Lá Breithe Sona dhuit.............................................Happy birthday to you


Rann

Na cait a bhí ag Fionn Mac Cumhaill:..........These are the cats of Fionn Mac Cumhail:
Seangchat, Seanchat ................................Lean Cat, Old Cat
Ramharchat, Marbhchat............................Fat Cat, Dead Cat
Síchat, Dúchat,........................................Fairy Cat, Evil Cat
Liathchat, Fiachat.....................................Grey Cat, Wild Cat


Dhá Rann....................................................Two Rhymes

Tá capall is cairt ag Seán Ó hAirt;...................Seán Ó hAirt has a horse and cart;
Tá bó agus lao ag Seán Ó Sé;........................Seán Ó Sé has a cow and a calf;
Tá peata uain ag Seán Ó Cluain;.....................Seán Ó Cluain has a pet sheep;
Is sin é an fáth nach bhfuil orthu buairt...........And that's why they're so happy.

Tá an Deisceart go hálainn.............................The South is beautiful
Tá an Tuaisceart go breá................................The North is fine
Tá an t-Oirthear go séimh...............................The East is pleasant
Is tá an tIarthar thar barr...............................And the West is the best.

Rann: Anocht Oíche Shamhna

Ahem! Ahem!............................................Ahem! Ahem!
Anocht Oíche Shamhna!..............................Tonight is Halloween!
Cuir muc in ár measc!.................................Put a pig before us!
Foiligh do phónaire, a bhean an tí.................Hide your beans, Woman of the House,
Is na foiligh mo chuidse aráin ná dí...............But not my share of bread or drink;
Finíní, fáiníní! Íochtarán, uachtarán!..............Fíníní [Fenians], fáiníní! Servant, master!
Itheadh na caoirigh na copóga......................Let the sheep eat dock leaves
Agus ithimis an gráinseachán.......................And let us eat frumenty.
Hurrah! Seo, a mháistreás,..........................Hurrah! Now, Mistress,
Cuardaigh do phóca.....................................Search your pockets
Agus tabhair rud éigin do na buachaillí...........Give something to the lads
Agus scaoil chun siúil iad..............................And let them go
Nó buail mé féin idir an dá shúil.....................Or hit me between my eyes
Le píosa leathchorónach................................With a half crown coin!


Rainn do Pháistí

Buail ar an doras...................................Knock on the door
Is féach isteach.....................................And look inside
Ardaigh an laiste...................................Lift the latch
Agus siúil isteach..................................And walk inside
Suigh ar an stól....................................Sit on the stool
Agus bí ag ól.........................................And have a drink:
Cad é mar atá tú ar maidin?...................How are you doing this morning?


Inis scéal,...................Tell a story,
Cum bréag..................Make up a lie,
Nó bí amuigh!..............Or you're out!


Dhá éinín bheaga thuas ar an chran...........Two little birds up on the tree
Sin é Peadar, sin é Pól.............................That is Peter, that is Paul.
Imigh uaim a Pheadair.............................Go away, Peter
Imigh uaim a Phóil...................................Go away, Paul
Tar ar ais a Pheadair................................Come again Peter
Tar ar ais a Phóil!....................................Come again Paul.


Aon, dó, trí,............................One, two, three
Fathach mór buí......................A big ugly giant.
Auf Urheberrechtsvorwurf antworten